Filíocht Ghaeilge ón bhFrainc agus ceol ón Aifric Theas
Curtha i Láthair ag Aos Cró i bpáirt le An Lab
Irish-Language Poetry from France and Music from South Africa
presented by Aos Cró in partnership with An Lab
Céadaoin / Wednesday, 12 / 3 / 2014 @ 8.30 pm
Saorchead isteach / Entry Free
Mic Oscailte / Open Mic
Derry O'Sullivan
Rugadh Derry O'Sullivan i mBeanntraí, Co. Chorcaí sa bhliain 1944. Ornaíodh ina shagart é sa bhliain 1969 agus é ina chónaí i bPáras na Fraince faoin tráth seo, áit atá sé ag maireachtaint ann riamh ó shin. D'éirigh sé as an sagartóireacht go gearr théis a órnaithe agus chaith sé blianta fada ina dhiadh sin mar theagascóir sa Sorbonne, in Institut Catholique de Paris, agus san Institut Supérieur d'Electronique de Paris. Is duine des na filí is suimiúla i measc filí reatha na Gaeilge é ó thaobh stíle agus an slí a chuireann sé a intleacht i ngleic lena abhár filíochta. Tá trí dhuais oireachtais bainte amach ag a chuid filíochta, Duais Sheáin Uí Ríordáin ina measc. Bhuaigh aistriúchán Bhéarla dá dhán cumhachtach 'Marbghin 1943: Glaoch ar Liombó' amach Duais Stephen Spender sa bhliain 2013. Tá an duais seo oscailte chuig gach teanga as gach tréimhse den stair. B'é Derry an chéad fhile beo a fuair an duais. Dánta de chuid Victor Hugo, Dante, Ovid and Rilke ab
ea roinnt des na duaiseanna buacacha a d'imigh roimhe. 'Sé An bhfuil cead agam dul amach, más é do thoil é (Coiscéim, 2011) an cnuasach is déanaí uaidh.
Derry O'Sullivan was born in Bantry, County Cork, in 1944. He was ordained as a priest in 1969, by which time he was already living in Paris, his home to the present day. He left the priesthood not long after his ordination, and subsequently taught for many years at the Sorbonne, the Institut Catholique de Paris, and the Institut Supérieur d'Electronique de Paris. He is one of the most stylistically interesting and intellectually engaged poets writing in Irish today. He is three times winner of the Oireachtas prize, including Duais Sheáin Uí Ríordáin. An English translation of his powerful poem 'Marbghin 1943: Glaoch ar Liombó' was the winner of the Stephen Spender Prize in 2013. This prize is open to all languages and to every period of history; Derry was the first living poet to be presented with the award. Previous winning poems were by Victor Hugo, Dante, Ovid and Rilke. His latest collection is An bhfuil cead agam dul amach, más é do thoil é (Coiscéim 2011).
Sello Moeketsi
Rugadh Sello Moeketsi i Tembisa, bailecheantar mór i Johannesburg, An Afraic Theas. Bhí sé ina chónaí ann gur shroich sé triocha bliana d'aois, áit a d'fhorbair sé a stíl ceoil agus é ag obair i dteannta grúpaí amharclainne pobail, filí, aisteoirí, ealaíntóirí, rinceoirí agus scríbhneoirí. Is ceoltóir agus cumadóir tallanach é a thosnaigh amach ag seimint an orgáin agus an clairinéid lena a athair agus é óg. Lean a oideachas ceoil le staidéar ar an bpianó agus an sacsafón ag Dokay House, Institiúid ceoil aitheanta i New Town, Johannesburg, áit a chaith beirt dá laochra ceoil; Miriam Makeba and Hugh Masekela, tréimhse roimhe. I measc na gceoltóirí eile a raibh tionchar acu air bhí Chick Corea, Salif Kater agus John Coltrane. Bhí sé mar ball den iliomad grúpaí snagcheoil agus ceoil ilchultúrtha san Afraic Theas agus Botswana, Kariba, Just Friends and Imvelo ina measc. Tá sennte aige ar an teilifís san Afraic Theas agus ag a lán féilte san Afraci Theas, sa Bhreatain
agus in Éireann. Eisíodh a albam is déanaí, Outside the Box, sa bhliain 2011. Léiríonn sé a thalann agus a thaithí, ag cruthú ceoil a meascann snagceol, func agus anam-cheoil Aifriceach ar shlí álainn.
Sello Moeketsi was born in Tembisa, a large township in Johannesburg, South Africa. The lived in Johannesburg until the age of thirty, where he developed his music style and worked with community theatre groups, poets, actors, artists, dancers and writers. He is a talented musician and composer who started playing organ and clarinet as a child under the tuition of his father. His music education continued when he took piano and saxophone at Dokay House, a renowned Music Institute, in New Town, Johannesburg which was previously attended by two of his musical heroes; Miriam Makeba and Hugh Masekela. Other musical influences include Chick Corea, Salif Kater and John Coltrane. He has formed part of many jazz and multi-cultural ensembles in South Africa and Botswana, including Kariba, Just Friends and Imvelo, appearing on South African television and playing at festivals in South Africa, Britain and Ireland. His latest album, Outside the Box, was released in 2011. It showcases his
experience and talent, creating music that beautifully blends, jazz, funk and african soul.
Faigheann Aos Cró maoiniú ó
An Lab (iar-scoil na mBráithre Críostaí), Sráid Eoin, An Daingean, Co. Chiarraí.
An Lab, (former CBS), John St., Dingle, Co. Kerry.
Slí Isteach: Tá an slí isteach ón Meall dúnta faoi láthair de bharr damáiste stoirme. Slí isteach tríd na geataí ar Shráid Eoin amháin.
Access: The entrance from the Mall is currently closed due to storm damage. Entrance is through the gates on John Street only.
Breis eolais / Further Info: 087 3315664 / eolas@anlab.ie. / www.anlab.ie